Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Climate Action
Sergey Khakimullin
Bréagaisnéis aeráide

Is éard is bréagaisnéis aeráide ann eolas bréagach a bhaineann leis an athrú aeráide agus leis an ngníomhú ar son na haeráide a scaipeadh d’aon ghnó. Is iomaí foirm a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis, idir séanadh scun scan agus teoiricí comhcheilge, go bréagaisnéis níos boige agus níos cleasaí darb aidhm cor a chur sa scéal trína mhaíomh nach de dhéantús an duine atá an t-athrú aeráide nó nach bhfuil sé chomh dona agus atá na heolaithe a mhaíomh, agus nach bhfuil aon ghníomhaíocht phráinneach ag teastáil ina leith dá bhrí sin.

Tá an baol ann go ndéanfadh an bhréagaisnéis aeráide an méid seo a leanas:

  • An bonn a bhaint den iontaoibh san eolaíocht
  • Lagú a dhéanamh ar thacaíocht an phobail don ghníomhú ar son na haeráide
  • Bac a chur ar chur chun feidhme beartais agus ar chomhar idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide
  • An bonn a bhaint den daonlathas

I mí an Mhárta 2024 ghlac an Coimisiún an Teachtaireacht maidir le rioscaí aeráide a bhainistiú, ina ngeallaimid bréagaisnéis aeráide a chomhrac.

Conas bréagaisnéis aeráide a aithint

1) Seiceáil a dhéanamh ar fhoinsí

Deimhnigh creidiúnacht na foinse trína fhíorú an ndéanann sí tagairt d’institiúidí eolaíocha, d’irisleabhair phiarmheasúnaithe, agus do sholáthraithe nuachta iontaofa.

2) Aird a thabhairt ar an teanga agus ar an gcuma

Bratacha dearga is ea teanga gháifeach, áibhéil agus taca a bhaint as mothúcháin láidre, agus tú ag seiceáil bréagaisnéise.

3) Fíricí a sheiceáil

Bain úsáid as na suíomhanna gréasáin neamhspleácha seiceála fíricí atá ar fáil chun cuidiú leat maímh a fhíorú.

Acmhainní agus uirlisí chun cur i gcoinne na bréagaisnéise aeráide

Acmhainní an Choimisiúin Eorpaigh:

Acmhainní seachtracha:

Cad is féidir a dhéanamh chun stop a chur leis an mbréagaisnéis aeráide?

Leideanna ó Ambasadóirí an Chomhshocraithe Aeráide:

  • An bhréagaisnéis a thuairisciú nuair a fheiceann tú í – tá feidhm tuairiscithe postálacha ar fáil ar go leor ardáin meán sóisialta
  • Gan dul i ngleic le postálacha bréagaisnéise ar na meáin shóisialta mar nach ndéanfaidh sé sin ach cur leis an teachtaireacht agus níos mó airde a thabhairt uirthi
  • Cuidiú chun eolas ceart a scaipeadh trí do chainéil agus trí do líonraí, ar líne agus as líne araon
  • A bheith ar an eolas faoi do chlaontacht féin, agus do chuid eolais a fháil ó fhoinsí éagsúla ar mhaithe le dearcadh cothrom

Cad é atá an Coimisiún Eorpach a dhéanamh chun cur i gcoinne na bréagaisnéise?

Tá cur chuige an Choimisiúin Eorpaigh maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis aeráide san áireamh sa bheartas ginearálta maidir leis an mbréagaisnéis, rud atá dírithe ar an méid seo a leanas:

  • Beartais a fhorbairt chun ár ndaonlathais a neartú, é a dhéanamh níos deacra do ghníomhaithe bréagaisnéise mí-úsáid a bhaint as ardáin ar líne, agus iriseoirí agus iolrachas na meán a chosaint
  • Feasacht a ardú faoin mbréagaisnéis agus faoinár n-ullmhacht agus ár bhfreagairt
  • Athléimneacht na sochaí a fhorbairt i gcoinne na bréagaisnéise trí litearthacht sna meáin agus seiceáil fíricí
  • Comhoibriú le hinstitiúidí eile, le húdaráis náisiúnta nó le tríú páirtithe

Acmhainní chun cur i gcoinne na bréagaisnéise

Seo an méid is féidir leat a dhéanamh chun bheith ar an eolas agus chun páirt a ghlacadh: lean ar Instagram, LinkedIn agus Twitter muid, agus liostáil dár nuachtlitir mhíosúil le haghaidh nuashonruithe agus eolas iontaofa is féidir leat a chomhroinnt go héasca le do mhuintir agus le cairde.